An difríocht idir athruithe ar: "Miotal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: fo:Metal; cosmetic changes
m róbat ag suimiú: sco:Metal
Líne 79: Líne 79:
[[ro:Metal]]
[[ro:Metal]]
[[ru:Металлы]]
[[ru:Металлы]]
[[sco:Metal]]
[[sh:Metal (hemija)]]
[[sh:Metal (hemija)]]
[[simple:Metal]]
[[simple:Metal]]

Leagan ó 10:02, 23 Meitheamh 2010

Miotal te.

Is éard is miotal ann ná dúil cheimiceach a bhfuil de chlaonadh inti a cuid fiúsleictreon a thabhairt uaithi, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ian deimhneach. I gcriostal an mhiotail féin, bíonn na fiúsleictreoin ag dul timpeall idir na hiain seo. D'fhéadfá a rá go bhfuil na hiain mhiotail ar snámh i bhfarraige na bhfiúsleictreon. Deirtear go bhfuil an criostal miotail á choinneáil le chéile ag nasc miotalach. Cuireann an nasc miotalach ar chumas na bhfiúsleictreon gluaiseacht go sciobtha ó cheann ceann an chriostail. Mar sin, bíonn na miotail ina seoltóirí maithe leictreachais agus teasa.