An difríocht idir athruithe ar: "Graostacht"
Guliolopez (plé | dréachtaí) {{glanadh}} DId anyone every figure out a way to "redeem" this? (Or what it's encyclopedic value might be?) |
Wikified |
||
Líne 5: | Líne 5: | ||
Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal ''striapach'', a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir ''Ó Ghlíomáil go Giniúint'' an teilgean cainte ''an t-ainm mór a thabhairt ar bhean'', is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi. |
Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal ''striapach'', a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir ''Ó Ghlíomáil go Giniúint'' an teilgean cainte ''an t-ainm mór a thabhairt ar bhean'', is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi. |
||
{{síol}} |
|||
[[Catagóir:Collaíocht]] |
|||
[[Catagóir:Gaeilge]] |
Leagan ó 18:03, 7 Deireadh Fómhair 2009
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Tugtar gráisciúlacht ar na focail ghnáthchainte a bhfuil baint acu le cúrsaí na collaíochta, agus iad á seachaint i gcaint shibhialta. Sa Ghaeilge, bíonn sé deacair ag an bhfoghlaimeoir tuiscint cheart a fháil don chuid seo den teanga, ós rud é nach mbíonn lucht na bhfoclóirí sásta iad a chur i míotar. Dá réir sin, is minic a bhaineann foghlaimeoirí úsáid as leaganacha Gaelaithe de na focail Bhéarla, agus iad amscaí go leor. Sampla tipiciúil de seo is ea é an briathar feisigh/feisiú nach bhfuil bunús ar bith leis sa teanga thraidisiúnta: is dócha go bhfuil sé bunaithe ar cheann de na seach-chialla (cohabitation, wedlock) a luaitear leis an bhfocal feis i bhfoclóir Uí Dhuinnín. I bhfoclóir Uí Dhónaill, cuirtear an nod Lit: leis an bhfocal feis sa chiall sexual cohabitation, rud a chiallaíonn nach mbaineann an bhrí sin leis an bhfocal céanna ach i litríocht na Nua-Ghaeilge Clasaicí, agus nach féidir súil a bheith agat leis an gciall sin i nGaeilge na Gaeltachta ón bhfichiú haois.
Is í an úsáid is minicí a bhaintear as an bhfocal feisigh inniu ná feisigh leat, is é sin, imigh leat, bailigh leat, gread leat; agus is léir gur iarracht é seo leis an teilgean cainte Béarla úd fuck off a aistriú go Gaeilge. Sa Ghaeilge, is féidir úsáid a bhaint as an bhfocal Béarla féin: focáil leat. Go traidisiúnta, áfach, ní úsáideadh lucht na Gaeilge an ghráisciúlacht le mallacht a chur ar dhaoine, ach teilgeanacha cainte de chineál eile, cosúil le spréadh ort (foirm Ultach den spré, is é sin, ainm briathartha den bhriathar spréigh atá ann), nó, go díreach, mallacht ort.
Maidir leis na focail ghráisciúla sa Ghaeilge, is dócha go bhfuil geis áirithe ar an bhfocal striapach, a chiallaíonn "bean a mbíonn caidreamh collaí aici ag fir éagsúla", "bean choiteann", "meirdreach". Aithníonn an foclóir Ó Ghlíomáil go Giniúint an teilgean cainte an t-ainm mór a thabhairt ar bhean, is é sin, ainm na striapaí a thabhairt uirthi.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |