An difríocht idir athruithe ar: "Beannchar, Contae an Dúin"
Ptbotgourou (plé | dréachtaí) m robot Modifying: simple:Bangor, County Down |
m robot Adding: bg:Бангор (Северна Ирландия) |
||
Líne 24: | Líne 24: | ||
<!---Idirvicí---> |
<!---Idirvicí---> |
||
[[bg:Бангор (Северна Ирландия)]] |
|||
[[cy:Bangor (Gogledd Iwerddon)]] |
[[cy:Bangor (Gogledd Iwerddon)]] |
||
[[de:Bangor (Nordirland)]] |
[[de:Bangor (Nordirland)]] |
Leagan ó 23:08, 11 Feabhra 2009
Teimpléad:Baile i dTuaisceart na hÉireann bosca eolais Tá Beannchar (Bangor as Béarla) suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis. Is baile mór í i gContae an Dúin i dTuaisceart Éireann. Tá 58,388 duine ina gcónaí i mBeannchar de réir daonáirimh 2001
Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na hÉireann gur luadh é ar léarscáil an domhain. Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe; Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara. Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh Naomh Comgall sa bhliain 558 AD.
Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.