An difríocht idir athruithe ar: "Foras na Gaeilge"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m robot Adding: it:Foras na Gaeilge
LiamÓ (plé | dréachtaí)
Líne 13: Líne 13:


==Naisc sa Vicipéid==
==Naisc sa Vicipéid==
* [[Gaeltacht Sheoige]] nó [[Gaeltacht Bhéal Feirste]]
* [[Gaeltacht Bhéal Feirste]]


==Naisc sheachtracha==
==Naisc sheachtracha==

Leagan ó 17:54, 7 Samhain 2008

Lógó na heagraíochta

Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht nua seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua. De réir an Chomhaontaithe, tá Fóras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith le sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdaoine faoi chúrsaí Gaeilge.

Is iad seo a leanas na freagrachtaí eile ar an bhForas:

  • Eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a mhaoiniú.
  • An Ghaeilge a chur chun cinn (lena n-áirítear fógraíocht, comórtais, imeachtaí agus urraíocht).
  • Treoirleabhair agus ábhar acmhainní a fhoilsiú.
  • Urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí dátheangacha, ceardlanna agus seimineáir oiliúna, lainseálacha agus taispeántais.
  • Leabhair Ghaeilge agus leabhair inspéise ó thaobh na Gaeilge a tháirgeadh, a dháileadh agus a chur chun cinn.
  • Téarmaíocht nua don Ghaeilge a cheapadh agus foclóirí nua Gaeilge a thiomsú agus a fhoilsiú. Tá an suíomh Focal.ie[1] forbraithe ag Fiontar, DCU, i gcomhar le Foras na Gaeilge, le téarmaí a chur i láthair an phobail go furasta.
  • Tacú le hoideachas Gaeilge.

Naisc sa Vicipéid

Naisc sheachtracha