An difríocht idir athruithe ar: "Aogán Ó Rathaille"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Naisc
gramadach
Líne 13: Líne 13:


*[http://www.geocities.com/Athens/Library/9107/aogan.html Saol agus dhá dhán (i mBéarla)]
*[http://www.geocities.com/Athens/Library/9107/aogan.html Saol agus dhá dhán (i mBéarla)]
*[http://www.feasta.ie/2006/deiref/alt5.html Léirmheas ag Frainc Ó Murchadha ar Gile na Gile le Paddy Bush ]
*[http://www.feasta.ie/2006/deiref/alt5.html Léirmheas le Frainc Ó Murchadha ar Ghile na Gile le Paddy Bush ]


{{stumpa}}
{{stumpa}}

Leagan ó 07:17, 17 Iúil 2007

Ba file é Aogán Ó Rathaille (1675? – 1729), a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar aisling. Rugadh Ó Rathaille i Screathan an Mhil, Sliabh Luachra, Contae Chiarraí. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.

Fuair sé teagasc sa Laidin agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na dánta ba cháiliúla dár chum sé ab ea é 'Gile na Gile'. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach Seoirse I (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea é an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i gCúige Mumhan anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan.

Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Cill Airne, Co Chiarraí.

Saothar

  • 'Gile na Gile'
  • 'Cabhair ní Ghairfead'
  • 'Is fada liom Oíche Fhírfhliuch'

Naisc sheachtracha