Speictream astúcháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Speictrim adamhacha)

Tacar ar leith minicíochtaí radaíochta leictreamaighnéadaí, solas de ghnáth, a astaíonn nó a ionsúnn adaimh de chineál ar leith. Comhfhreagraíonn líne speictreach ar leith do thrasdul leictreoin idir dhá leibhéal fuinnimh ar leith. Faightear speictrim astaíochta nuair a chuirtear fuinneamh leis na hadaimh, mar shampla trí théamh nó díluchtú leictreach, a ardaíonn na hadaimh go dtí leibhéal fuinnimh níos airde. Astaíonn na leictreoin fhlosctha solas nuair a fhilleann siad don staid neamhfhlosctha. Táirgtear speictrim ionsúite nuair a chuirtear solas trí ábhar agus dealaíonn an t-ábhar tonnfhaid, sainiúil don ábhar, ón solas sin. Comhfhreagraíonn speictrim infridhearga do chreathanna is rothluithe móilíneacha. Comhfhreagraíonn speictrim X-ghathacha do thrasdulta go domhain in adaimh throma. Tugtar speictreascópacht ar staidéar ar speictrim, agus is teicníocht bhunúsach anailíse anois í sa cheimic is an fhisic. Ba chéim thábhachtach i bhforbairt na meicnice candamaí an taighde a rinne an fisicí Eilvéiseach Johann Balmer (1825-1898) ar speictrim hidrigine.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Speictrim adamhacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 618.