Speictreascópacht infridhearg
Is éard is speictreascópacht infridhearg (speictreascópacht ID nó speictreascópacht chreathúil) ann ná idirghníomhú na radaíochta infridhearg le damhna a thomhas trí ionsú, astú nó frithchaitheamh. Tá speictriméadracht ionsúcháin infridheirg ina teicníc a bhaineann le hionsú na radaíochta infridheirge. Is teicníc mhéarlorgaireachta í, mar tá beagnach speictriméadracht ionsúcháin ar leith ag gach comhdhúil. Mar gheall air seo, tá ID go háirithe úsáideach do shainaithint na substaintí, mar shampla, úsáidtear é chun staidéar a dhéanamh ar shubstaintí ceimiceacha nó ar fheidhmghrúpaí i bhfoirmeacha soladacha, leachtacha nó gásacha agus iad a aithint. Is féidir é a úsáid chun ábhair nua a thréithriú nó samplaí aitheanta agus anaithnid a aithint agus a fhíorú. Déantar modh nó teicníc na leictreonspeictreascópachta infridheirge le hionstraim ar a dtugtar speictriméadar infridhearg (nó speictreafótaiméadar) a tháirgeann speictream infridhearg. Is féidir speictream IR a léirshamhlú i ngraf d’ ionsúiteacht solais infridheirg (nó tarchurais ) ar an ais ingearach vs. minicíocht, tonnuimhir nó tonnfhad ar an ais chothrománach. Is ceintiméadair dheilíneacha iad aonaid thipiciúla den tonnuimhir a úsáidtear i speictrim ID, leis an tsiombail cm −1 . Tugtar aonaid de thonnfhad ID go coitianta i micriméadair (ar a dtugtaí "miocróin"), siombail μm, a bhaineann leis an tonnuimhir ar bhealach deilíneach. Gnáth uirlis saotharlainne a úsáideann an teicníc seo is ea speictriméadar infridhearg trasfhoirmithe Fourier (SITF). Tá ID déthoiseach indéanta freisin mar a phléitear thíos .D
De ghnáth roinntear an chuid infridhearg den speictream leictreamaighnéadach i dtrí réigiún; an infridhearg gar-, lár- agus cian-infridhearg, a ainmnítear as a gcaidreamh leis an speictream infheicthe. Is féidir leis an ngar-ID ardfhuinnimh, thart ar 14,000 -4,000 cm−1 (0.7-2.5 μm tonnfhad) forthon nó comhmhóid de chreathadh móilíneacha a spreagadh. Úsáidtear an lár-infridhearg, thart ar 4,000-400 cm−1 (2.5 -25 μm) go ginearálta chun staidéar a dhéanamh ar na creathanna bunúsacha agus ar an struchtúr rothlach-chreathach gaolmhar. Tá fuinneamh íseal ag an gcianinfridhearg, thart ar 400 -10 cm−1 (25 -1,000 μm) agus féadfar é a úsáid le haghaidh na speictreascópachta rothlaí agus na gcreathanna minicíochta ísle. Meastar gur réigiún teiriheirts é an réigiún ó 2–130 cm−1, ar theorainn an réigiúin mhicreathonnta, agus féadfaidh sé creathadh idirmhóilíneach a thástáil.[1] Is coinbhinsiúin iad ainmneacha agus aicmithe na bhfo-réigiún seo, agus níl siad ach bunaithe go garbh ar na hairíonna móilíneacha nó leictreamaighnéadacha coibhneasta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Terahertz pulsed spectroscopy and imaging in the pharmaceutical setting--a review" (February 2007). The Journal of Pharmacy and Pharmacology 59 (2): 209–23. doi:PMID 17270075. .
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |