Spéirling Ida (2021)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
KDIX loop of Ex-Ida warnings 3.gif
Betzwood

Bhuail Spéirling Ida na Stáit Aontaithe idir 29 Lúnasa - 2 Meán Fómhair 2021. Maraíodh 61 (agus 7 go hindíreach), an chuid is mó i Sasana Nua, nuair a bhí 'Stoirm Thrópaiceach' Ida (ar an 1/2 2 Meán Fómhair) ag fágáil a loirg ar oirthuaisceart na Stát Aonaithe. Rinneadh luach $50 billiún de dhamáiste.[1]

Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuairiscítear gur thit ocht gceintiméadar fearthainne in imeacht uair an chloig in Central Park i gcroílár Manhattan, an méid is mó a taifeadadh ansin riamh.[2]

Scriosadh an MTA

Maraíodh daoine i Nua-Eabhrac de bharr maidhmeanna tuile. Bhí codanna de chathair agus de stát Nua-Eabhrac araon faoi uisce tar éis don bháisteach titim ina tulcaí i ngiorracht aimsire. B'iad buirgí Brooklyn agus Queens is measa a buaileadh sa chathair agus bhí bóithre i Manhattan dúnta. Bhí stáisiúin traenach faoi thalamh líonta le huisce.

Bhí staid éigeandála fógartha ag Méara agus Gobharnóir Nua-Eabhrac, Bill de Blasio agus Kathy Hochul, i bhfianaise na greadlaí a bhí déanta ag an stoirm ar an réigiún. Bhí staid éigeandála fógartha fógartha freisin ag an ngobharnóir Phil Murphy i Nua-Gheirsí .

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Hurricane Ida" (in en) (2021-09-04). Wikipedia. 
  2. Nuacht RTÉ (2021-09-02). "Nua-Eabhrac ar maos, ní taise do Nua-Gheirsí é" (in ga).