Lá na hOidhreachta san Afraic Theas
Cineál | saoire phoiblí | ||
---|---|---|---|
Bailíocht | 24 Meán Fómhair 1995 - | ||
Lá | 24 Meán Fómhair | ||
Tír | an Afraic Theas | ||
Lá saoire poiblí Afracach Theas is ea Lá na hOidhreachta nó Lá an Dúchais (Usuku Lwamasiko sa tSúlúis; Erfenisdag san Afracáinis) a cheiliúrtar ar 24 Meán Fómhair. Ar an lá seo, spreagtar na hAfraicigh Theas chun a gcultúr agus éagsúlacht, a gcreidiúintí agus dtraidisiún a cheiliúradh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gKwaZulu-Natal, tugadh Lá Shaka ar 24ú Meáin Fhómhair, i gcuimhne ar an Rí Súlúis, Shaka.[1] Ba é Shaka Rí Súlúis a d'imir ról tábhachtach in aontacht dreamanna díchosúla Súlúis isteach i náisiún comhtháite. Gach bliain, bailíonn na daoine ag uaigh Rí Shaka chun onóir a thabhairt dó ar an lá seo.
Nuair a nochtadh Bille na Laethanta Saoire Poiblí Bille don pharlaimint náisiúnta nua daonlathach i 1995, ní raibh an 24ú Meáin Fhómhair san áireamh ar an liosta molta laethanta saoire poiblí. Mar thoradh ar an eisiamh seo, rinne Páirtí Saoirse na hInkatha (PSI) agóid. Rinne an pharlaimint agus an PSI socrú agus tugadh ar an lá a theideal láithreach agus aitheantas mar lá saoire poiblí.
Ceiliúradh ar an Lá
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn go leor nó braai (beárbaiciú nó fulach) nó braaithe ar siúl timpeall na tíre.[2] [3] [4] I Hout Bay, bíonn mórshiúl airm agus athléiriú an chatha a troideadh ann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Shaka Day, accessed 5 May 2012
- ↑ http://braai.com/our-patron-desmond-tutu/ Curtha i gcartlann 2014-01-18 at Archive.today 'Our Patron, Desmond Tutu
- ↑ BBC NEWS, Tutu praises 'unifying' barbecues
- ↑ http://www.news24.com/Columnists/TOMolefe/National-Braai-Day-a-day-of-forgetting-20140917 'National Braai Day' a day of forgetting; http://africasacountry.com/2013/09/some-of-my-best-friends-are-braaiers/ 'Some of my best friends are braaiers''