Soothouse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cainéal YouTube Sasanach ab ea Soothouse (2017-2019), déanta ag Wilbur Soot agus seachtar dá chairde eile: Rihanna, David, Dan, Jack, Matt, Charlie agus George. Thosaigh an grúpa an cainéal ar 16ú Aibreán 2017, ag uaslódáil a gcéad fhíseán ar an lá céanna. Is éard atá sa chuid is mó dá bhfíseáin ná freagraí ar phostálacha Reddit nó postálacha ar láithreáin ghréasáin meán sóisialta eile, m.sh. Google Plus agus Facebook. Bhíodh baill éagsúla Soothouse le feiceáil ar fhíseáin éagsúla, ach ba é Wilbur an t-aon bhall den ghrúpa atá le feiceáil i ngach físeán (ach amháin, an físeán Lá na nAmadán Davids of 4Chan). Tá go leor daoine Youtube le feiceáil ar an gcainéal mar shampla: Internet Historian, Sorrow TV, RTGame, agus Jschlatt i measc daoine eile. Scaoil an grúpa a fhíseán deiridh ar an 28ú Iúil 2019, ag dul ar sos go luath ina dhiaidh sín. Thosaigh na baill cainéal Twitch tar éis dóibh ag dul ar sos ó Soothouse. Thosaigh Wilbur a chainéal YouTube féin, le timpeall is 1 milliún leantóir.