Sondáil ó mhacalla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tarchur fuaimthonna ardmhinicíochta len iad a fhrithchaitheamh ó ghrinneall na farraige chun doimhneacht na farraige a thomhas. Bunaithe ar thomhas an ama a thógann sé ar bhíog fuaime taisteal díreach síos is filleadh don dromchla mar mhacalla. Nuair atá luas forleata na fuaime sa sáile ar eolas, is féidir an doimhneacht a ríomh. Le cláradóir mionchruinn doimhneachta ar shoitheach ag gluaiseacht, is féidir lorg infheicthe de ghrinneall na farraige, is aon airíonna eile ar an ngrinneall (éisc san uisce, fiú) a léiriú de réir mar a sheolann an bád ar aghaidh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sondáil ó mhacalla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.