Sojourner Truth

![]() | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Isabella Baumfree c. 1797 Hurley, New York |
| Bás | 26 Samhain 1883 85/86 bliana d'aois Battle Creek, Michigan |
| Áit adhlactha | Oak Hill Cemetery (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Sojourner Truth |
| Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
| Reiligiún | Modhachas |
| Áit chónaithe | Battle Creek |
| Teanga dhúchais | an Ollainnis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Daonfhuascailteachas |
| Gairm | daonfhuascailteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, gníomhaí ar son chearta na mban, ceannaire reiligiúnach |
| Teangacha | An Ollainnis agus Béarla |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | sojournertruthmemorial.org |
Daonuasclóir agus gníomhaí ar son cearta na mban i bhí in Sojourner Truth nó Isabela Baumfree mar a rugadh í (t. 1797 – 26 Samhain, 1883).
Rugadh mar sclábhaí í, i Swartekill, Nua-Eabhrac, in Esopus. D’éalaigh sí le hiníon nuabheirthe léi óna gcuid máistrí sa bhliain 1826.
“Sojourner Truth” an t-ainm a thug sí uirthi féin ón mbliain 1843 i leith agus ise ag obair i gcoinne na sclábhaíochta. Bhí sí gníomhach le linn an Chogaidh Chathartha sna Stáit Aontaithe ag iarraidh fir ghorma a spreagadh chun troid in airm an Tuaiscirt.
I ndiaidh an chogaidh, rinne sí iarracht in aisce talamh a fháil ó rialtas na tíre do na sclábhaithe saortha. Chuir sí teach banaltrachta do sheandaoine gorma ar bun i stát Nua-Eabhrac freisin.
Fuair sí bás in Battle Creek, Michigan sa bhliain 1883.
