Soitheach boilgeog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste chun rianta cáithníní fo-adamhacha a bhrath, a cheap Donald Glaser i 1952. Bíonn leacht sa soitheach faoi bhrú ionas nach bhfiuchann sé. Scaoiltear an brú ar feadh achair ghearr, ach roimh fhiuchadh ginearálta, cruthaíonn cáithnín atá ag taisteal tríd suaitheadh áitiúil ag gach pointe ar feadh a riain is fiuchthaí áitiúla ag gach pointe, agus mar sin, rian de bhoilgeoga infheicthe. Is feiniméan gearrthéarmach é seo, agus mar sin déantar é arís is arís eile go tréimhsiúil chun grianghrafanna na rianta a thógáil le hanailísiú níos déanaí. I soitheach mar seo ag CERN, le 18 tonna Freon mar leacht ann, rinneadh taighde suntasach sna 1970idí ar na hidirghníomhaíochtaí laga núicléacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Soitheach boilgeog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 612.