Sochtadh imdhíonachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cosc ar fhreagairt imdhíonach na colainne i gcoinne ábhair chomhthíoch. Is féidir go dtarlóidh sé mar thoradh ar ghalair a chuireann isteach ar an gcóras imdhíonach, cosúil le leoicéimeSEIF, nó galair ainsealacha eile, cosúil le diaibéiteas. Is féidir é a spreagadh d'aon ghnó le drugaí nó radaíocht chun cosc a chur ar dhiúltú ionphlandála, nó mar fho-iarsma ar chóireáil ar ghalar éigin, cosúil le hailse. Cuid mhaith drugaí imdhíonachoiscthe ann, ina measc drugaí ailcilithe atá marfach do chealla atá ag deighilt, frithmheitibilítí a laghdaíonn cumas na gceall sa chóras imdhíonach antasubstaintí a dhéanamh, agus cortacaistéaróidigh. Déanann imdhíonachosc duine so-ghonta d'ionfhabhtuithe go ginearálta, ach do mhiocrorgánaigh nach gcuireann tús de ghnáth le galair i ndaoine normálta, ionfhabhtuithe deistapaíocha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sochtadh imdhíonachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 611.