Smachtú arm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Srianadh, i dtír amháin nó grúpa tíortha, maidir le leibhéal, saghas, leathnú nó úsáid arm, mar thoradh ar chomhaontú nó go haontaobhach. Is aidhm dó baol is drochthorthaí na cogaíochta a laghdú. Polasaí is modh oibre taidhleoireachta atá i gceist a thug na Stáit Aontaithe isteach sna 1950idí agus a nglactar go forleathan leis anois. Tá cuid mhaith comhaontuithe idirnáisiúnta a théann síos an bóthar seo (mar shampla, comhaontuithe SALT) maidir le hairm núicléacha, cheimiceacha is bhitheolaíocha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Smachtú arm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 607.