Sliabh Shasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSliabh Shasta
(en) Mount Shasta
MtShasta aerial.JPG
CineálStratabholcán
Limistéar faoi chosaintShasta-Trinity National Forest (en) Aistrigh
Suíomh
IlchríochMeiriceá Thuaidh
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheCalifornia
County of CaliforniaContae Siskiyou, California
Map
 41°24′33″N 122°11′42″W / 41.409197°N 122.194889°W / 41.409197; -122.194889Comhordanáidí: 41°24′33″N 122°11′42″W / 41.409197°N 122.194889°W / 41.409197; -122.194889
SliabhraonCalifornia Cascades (en) Aistrigh
Tréithe
Starraiceacht2,977 m
Airde4,322 m
National Natural Landmark (en) Aistrigh
Am1976
AitheantóirMOSH-CA
Stair
Croineolaíocht
1854 an chéad dreapadh

Is bolcán in iarthar na Stát Aontaithe é Mount Shasta. Tá sé suite i gContae Siskiyou, i dtuaisceart Chalifornia. Tá Mount Shasta 4,322 méadar ar airde, an dara sliabh is airde i Sliabhraon na Cascáide agus an cúigiú ceann is airde i gCalifornia.

Creidtear go dtagann an t-ainm "Shasta" ó fhocal Rúisise ar "bán"--tchastal ("bán, geal, glan"). Ba iad na Rúisigh na chéad Eorpaigh a rinne iarracht an chuid sin de Mheiriceá Thuaidh a choilíniú. Is é "Úytaahkoo" an t-ainm a thugtar ar an sliabh i dteanga an phobail bhundúchasaigh sa cheantar, is é sin an pobal 'Carúc' (Karuk nó Karok i mBéarla).

Tá Sliabh Shasta comhdhéanta de cheithre chón bolcánach. Le 10,000 bliain anuas phléasc Shasta uair amháin gach 800 bliain ar an meán. Le linn na 4,500 bliain is déanaí, phléasc sé uair amháin gach 600 bliain ar an meán. An bhliain 1786 an uair dheireanach ar phléasc sé. Tá fúmaróil, scoilteanna as a n-éalaíonn deatach, ar an sliabh, rud a léiríonn go bhfuil Shasta beo mar bholcán i gcónaí.

Sliabh Shasta