Ó Cualann
(ga) Ó Cualann | ||||
Cineál | Sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 113192 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Chill Mhantáin, Éire | |||
| ||||
Sliabhraon | Sléibhte Chill Mhantáin | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 501 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 216 m | |||
Ag 501 m (1,644 tr) tá Ó Cualann[1] an 404ú sliabh is airde in Éireann ar an scála Arderin,[2] áfach toisc go bhfuil sé faoi 600 m ní thugtar san áireamh é ar scála Vandeleur-Lynam nó Hewitt.[3][4] Tá an sliabh sa chuid is faide soir ó thuaidh de Shléibhte Chill Mhantáin, in Éirinn, agus féachann sé thar shráidbhaile Chill Mocheanóg.
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féachann an Great Sugar Loaf ar shráidbhailte Chill Mocheanóg agus Deilgne, agus é díreach ó thuaidh ó Ghleann Dá Ghrua . Suíonn an sliabh amach ó na príomh beanna in aice láimhe de Shléibhte Chill Mhantáin, mar Mhálainn 570 m (1,870 tr) agus Dioghais 725 m (2,379 tr), agus bíonn bóithre timpeall air ar gach taobh.[5]
Is minic a mhearbhalltar idir dhá ghualainn bheag thuaidh agus theas Ó Cualann mar an Giolaspar, ach luíonn an sliabh seo soir ar an taobh eile de mhótarbhealach bóthair an N11 ag Cill Mocheanóg . [5]
Cé nach bhfuil ach 501m (1,644 tr) agus é ingearchló, tugann scoiteacht an Bhuilín Mór ó Chnoic eile feiceálacht mhór comhréireach de 216 (709 tr) dó., agus cháilíonn sé mar Marilyn.[6] Ina theannta sin, cuireann na fánaí géara agus cuma bholcánach an Great Sugar Loaf le sainiúlacht a phróifíle.[5]
Geolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Ó Cualann comhdhéanta de bhuncharraig grianchlochít ón Tréimhse Chambrianach (ar a dtugtar Foirmíocht Cheann Bhré ), i gcodarsnacht le sléibhte cruinne Chill Mhantáin ar an taobh thiar, atá déanta den chuid is mó d’ eibhear ón Ré Deavónach. Ceaptar go coitianta gur bolcán díomhaoin é Ó Cualann freisin, ach ina ionad sin is sil-leagan dríodraithe meiteamorfaithe ón domhainfharraige atá in aghaidh an chreimthe.[7][8] Tá Grianchlochít Chambrianach meiteamorfaithe ó ghaineamhchloch ag bun na n-aigéan domhain thar a bheith frithsheasmhach don síonchaitheamh. [7]
Bhí gleann Chill Mocheanóg, a bhfuil an Great Sugar Loaf ag breathnú air, mar chuid de bhealach réigiúnach draenála leá-uisce fo-oighreachta thuaidh-theas a chuimsigh an Scalp (ó thuaidh) agus Gleann Dá Ghrua (soir theas).[7]
Cnocadóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn an-tóir ag siúlóirí cnoic ar Ó Cualann mar gheall ar a chóngareacht do Bhaile Átha Cliath, rochtain ó mhótarbhealach an N11, agus cosáin measartha caite nach dteastaíonn buataisí fánaíochta iomlána ná scileanna loingseoireachta.[5]
Is ón deisceart an bealach is éasca, ag tosú ó charrchlós mór seanbhunaithe (O235119) atá suite amach ó lár bhóthar an Lána Dheirg (ar a dtugtar freisin an bóthar L1031) a ritheann feadh theorainn theas an tsléibhe; tá an carrchlós cheana féin ag airde circa 290 m (950 tr), agus mar sin níl an t-ingearchló iomlán dreapadóireachta riachtanach ach 210 m (690 tr). Tógann an bealach 3.5 ciliméadar ón gcarrchlós go dtí an mullach agus ar ais idir 1-1.5 uair an chloig, agus folaíonn sé siúlóid thar chosáin móinteach cothrom agus san deireadh ag dul suas trí roinnt lintéar creagach. [5]
Is féidir bealach níos faide a dhéanamh ón taobh thoir, ag tosú ó níos ísle síos ag carrchlós CLG Chill Mocheanóg (O233141); Tógann an bealach 5 chiliméadar seo ón gcarrchlós go dtí an mullach agus ar ais 2-2.5 uair an chloig, agus is ar chosáin mhóinteach den chuid is mó é le roinnt codanna de sceallach agus gairbhéal.[5]
- Fairbairn (2014). "Dublin & Wicklow: A Walking Guide". Collins Press. ISBN 978-1848892019.
- Fairbairn (2014). "Ireland's Best Walks: A Walking Guide". Collins Press. ISBN 978-1848892118.
- MountainViews Online Database (Simon Stewart) (2013). "A Guide to Ireland's Mountain Summits: The Vandeleur-Lynams & the Arderins". Collins Books. ISBN 978-1-84889-164-7.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Paul Tempan (February 2012). “Irish Hill and Mountain Names”. MountainViews.ie.
- ↑ Simon Stewart (October 2018). “Arderins: Irish mountains of 500+m with a prominence of 30m”. MountainViews Online Database.
- ↑ Simon Stewart (October 2018). “Vandeleur-Lynams: Irish mountains of 600+m with a prominence of 15m”. MountainViews Online Database.
- ↑ Mountainviews, (September 2013), "A Guide to Ireland's Mountain Summits: The Vandeleur-Lynams & the Arderins", Collins Books, Cork, ISBN 978-1-84889-164-7
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Fairbairn (2014). "Ireland's Best Walks: A Walking Guide". Collins Press. ISBN 978-1848892118. “Route 57: Great Sugar Loaf” Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "helen.best" defined multiple times with different content - ↑ Chris Cocker (2018). “The Database of British and Irish Hills”. Database of British and Irish Hills.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 Sile Daly (May 2016). “The Great Sugar Loaf: Geological Context”. Irish Mountaineering Club. Dáta rochtana: 11 July 2019. “Popularly mistaken for a volcano, its metamorphism has rendered the rock extremely erosion-resistant and the mountain owes its shape to the weathering characteristics of quartzite.”Sile Daly (May 2016). "The Great Sugar Loaf: Geological Context" (PDF). Irish Mountaineering Club. Retrieved 11 July 2019.
Popularly mistaken for a volcano, its metamorphism has rendered the rock extremely erosion-resistant and the mountain owes its shape to the weathering characteristics of quartzite.
Earráid leis an lua: Invalid<ref>
tag; name "imc" defined multiple times with different content - ↑ Michael Viney (1 November 1997). “Moving Mountains”. Dáta rochtana: 11 July 2019. “The peak of the Great Sugar Loaf was never a volcano, but started life as sand on the ocean floor.”
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- MountainViews: Suíomh Gréasáin Sléibhe na hÉireann, Great Sugar Loaf
- MountainViews: Irish Online Mountain Database
- Bunachar Cnoic na Breataine agus na hÉireann, an bunachar sonraí is mó de shléibhte Oileáin na Breataine ( " DoBIH " ) .
- Hill Bagging UK & Ireland, an comhéadan inchuardaithe don DoBIH