Sleamhnán (pictiúr)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Pictiúr tréshoilseáin gan chorraí a shuítear le teilgean. D'úsáidtí sleamhnáin chearnacha mhóra (8.25 × 8.25 cm), go minic línithe de láimh, i laindéir draíochta, ach sa bhfoirm nua-aoiseach is fótagraf daite 3.6 × 2.4 cm é, suite i bhfráma caighdeánach 5 × 5 cm. Formáid an-choitianta grianghrafadóireacha, úsáidtear sleamhnáin go forleathan san oideachas, léirithe cumarsáide, taispeántais closamhairc, agus cláracha nuachta is a leithéid ar an teilifís.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sleamhnán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.