Slat óir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSlat óir
Solidago Cuir in eagar ar Wikidata

Solidago virgaurea Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
GéineasSolidago Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Is planda ilbhliantúil a bhláthaíonn déanach sa bhliain agus a fhástar i ngairdíní í an tslat óir (géineas Solidago). Tá idir 100 agus 120 speiceas sa ghéineas, an tslat óir Cheanadach (Solidago canadensis) atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh san áireamh. Fásann sí 1.5 m ar airde. Na duilleoga lansa-chruthach fada biorach; an-chuid bláthcheann atá bídeach órga/buí, eagraithe ar ghéaga leathnaithe cothrománacha i bpanacail dhlútha phirimidiúla. Is planda ilbhliantúil níos lú í an tslat óir Eorpach (Solidago virgaurea) a fhásann 1 m ar airde, le bláthchinn níos mó, suas le 1 cm ar leithead, iompartha i gcrobhaingí duilleacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Slat óir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 606.