Sive (dráma)
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Údar | John B. Keane |
| Teanga | Béarla |
| Céadléiriú | |
| Céadléiriú | Márta 1959 |
Dráma le John B. Keane is ea Sive (nó Sadhb) a cuireadh ar an stáitse don chéad uair in 1959, tréimhse dhuairc i stair na hÉireann nuair a bhí leatrom na bhfear ar mhná coitianta go leor.

Achoimriú ar an bplota
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déagóir óg scoile í Sive, leanbh tabhartha ar fheirm bheag dhearóil a huncail, suite áit éigin ar na hardtailte idir Lios Tuathail, Ladhar a’ Chrompáin agus Cnoc na gCaiseal. Tá sí i ngrá le buachaill óg na háite, Liam Scuab. Is bitseach chríochnaithe a haintín Mena. Bean nimhneach atá tiomanta Sive ‘a dhíol’ fá choim ar £200 i gcleamhnas le feirmeoir láidir, seanchreatlach fir a bhfuil cos amháin leis san uaigh. Cleamhnas a d’eagraigh an grabálaí claon Thomasheen Seán Rua, slíomadóir lofa fir – leathcheann fireann Mhena sa ghnó náireach céanna.[1]
Léiriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Aisteoirí an Spidéil an dráma Sive ar siúl “thar dhá shéasúr” trí Ghaeilge.[2]
Sa bhliain 2018, chuir Garry Hynes Sive feimineach don aonú haois fichead ar stáitse an Gaiety.[1] Bhí Andrew Flynn ar an stiúir sa Gaiety in 2024., agus chuir sé i láthair bean óg de mhianach measctha, de bhunús na hAfraice mar Sive (Sade Malone).[3]
Téamaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teanga seachas ceardaíocht ná plota John B. Keane a iompraíonn fírinní síoraí Sive.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mí-úsáid gnéis, Scannal Kerry Babies (1984), Scannal Ann Lovett (1984), Gluaiseacht MeToo. Scannal Christine Buckley/[4]
- An Triail (Máiréad Ní Ghráda)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Pat Butler (2 Feabhra 2018). "An Druid dulta go dtí dúthaigh John B. sa tóir ar fhírinní síoraí Sive" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ Máirín Breathnach Uí Choileáin, "Aisteoirí an Spidéil" (Cló Iar-Chonnacht 2015)
- ↑ Pat Butler (1 Feabhra 2024). "‘Sive’ den scoth ag Sade Malone i ndráma atá chomh fírinneach inniu is a bhí riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-01.
- ↑ "Christine Buckley" (as en) (2023-12-07). Wikipedia.