Siotár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liút mór Indiach le hathshonadóir guird is muineál fada atá crinnte ar a fhad. Thosaigh sé sa Pheirs sa Mheánaois. Bíonn an gléas nua-aoiseach, a úsáidtear i gceol clasaiceach na hIndia, timpeall 1.22 m ar fhad, de ghnáth le 7 sreang a bhaintear le figín. Bíonn timpeall 12 shreang chomhbhraiteacha air, agus critheann siad go saor nuair a fhuaimnítear na príomhshreanga.