Siondróm putóige greannaithe
Riocht coiteann ina mbíonn míchompord sa bholg is athrú i gcleachtadh na n-inní. Ní dona é, ach bíonn méadú éigin ar ghluaiseacht na n-inní mar bhun leis. Uaireanta bíonn iarmhairt shíceolaíoch i gceist, agus géaraítear é le strus mothúcháin. Feabhsaíonn athruithe sa chothú, cosúil le méadú i snáithíní cothaithe, is laghdú san imní, an cás.
Tá trí fochineáil de SPG ann; SPG le buinneach(SPG-B), SPG le hiatacht(SPG-I) agus SPG ailtéirneach ina mbíonn an dhá siontóim le feiceáil(SPG-A).
Is iomaí riocht le dealramh cosúil le SPG, ina measc an galar céiliach, mí-ionsú fruchtóis, ionfhabhtuithe seadánaigh mar shampla an ghiairdiáis, mí-ionsú na n-aigéad domlais, iatacht ainsealach fheidhmiúil, buinneach ainsealach fheidhmiúil, imfhás baictéarach sa stéig bheag agus pian ainsealach abdómanach. Is minic a thagann tús siomtóim SPG tar éis ionfhabhtaithe(SPG-PI).
Cé nach mbíonn aon leigheas amháin ar an SBG, bíonn leighis dhifriúla ann a chuidíonn leis na siontóim a bhaineann leis a laghdú, ina measc: athruithe cothaithe, cógais agus cabhair shiceolaíoch. Bíonn tábhacht ar leith ag baint le hoideachas an othair agus le gaol maith idir an dochtúir agus an othar chomh maith .
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |