Jump to content

Siondróm bás tobann naíonáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lua error in Module:Global_infobox_tools at line 1107: attempt to perform arithmetic on local 'p' (a nil value).

Bás naíonáin gan choinne, nach féidir aon chúis leis a aimsiú trí scrúdú cliniciúil nó iarbháis é siondróm bás tobann naíonáin (SBTN)[1] nó bás cliabháin.[2] De réir cineáil, cuirtear an leanbh sláintiúil chun leapan mar is gnáth sa tráthnóna agus faightear marbh é i lár na hoíche nó ar maidin.

Físeán
Físeán

Is féidir go mbeidh cúiseanna éagsúla leis, ach is meabhraitheach iad den chuid is mó. I measc na gcúiseanna seo,

  • tá stopadh an análaithe (aipnia codlata) de thoradh eatramh fada riospráide neamhrialta,
  • freagairt iomarcach néarógach ar shú ábhair ó chonair an díleá isteach sa bhfeadán riospráide,
  • bac na n-aerbhealaí de thoradh dúnadh na struchtúr faoi bhun na farainge,
  • so-ghontacht mhéadaithe do thocsainí na mbaictéir riospráide a bhíonn caoin de ghnáth,
  • ábhair dhochracha i láthair sa tocht, nó
  • suaitheadh an rialú teochta sa cholainn i dtimpeallacht fhuar nó leis an iomarca córacha leapa.

Tá tarlú na tragóide seo laghdaithe ó dheireadh an 20ú céad, ó tosaíodh ag comhairliú do thuismitheoirí leanaí a chur a chodladh ar a ndroim nó a dtaobh, seachas ar a ngoile.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ ““siondróm bás tobann naíonáin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-21.
  2. ↑ i mBéarla, Sudden Infant Death Syndrome nó SIDS
  3. ↑ Hussey, Matt (2011). "Siondróm Bás Tobann Naíonán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 602.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]