Simon Cowell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Simon Cowell
Simon Cowell in December 2011.jpg
Saol
Ainm iomlánSimon Phillip Cowell
Eolas breitheBuirg Londan Lambeth, 7 Deireadh Fómhair 1959 (63 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Áit chónaitheLos Angeles
Elstree
Muintir
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma materDover College (en) Aistrigh
Licensed Victuallers' School (en) Aistrigh
Radlett Preparatory School (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmaisteoir, léiritheoir scannáin, scríbhneoir, gníomhaire tallainne, léiritheoir ceirníní, talent manager (en) Aistrigh, cumadóir, láithreoir teilifíse, léiritheoir teilifíse agus artist and repertoire (en) Aistrigh
Airde1.75 m
Saothar iomráiteachScoob! (en) Aistrigh
Duaiseanna
IMDbnm1101562
Discogs ID255992
Instagramsimoncowell
TwitterSimonCowell

Is léiritheoir ceoil agus pearsa teilifíse é Simon Phillip Cowell a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair, 1959. Ba bhreitheamh é ar an gclár teilifíse The X-Factor a chuir sé tús leis sa bhliain 2004. Tá cónaí air in Beverly Hills, California, faoi láthair.

Tá clú air as an mbealach borb a gcuireann sé locht ar na hiomaitheoirí ar The X-Factor.

Óige Simon Cowell[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cowell in Lambeth, i Londain Shasana[1] agus tógadh é in Elstree, Hertfordshire.[2] Bhíodh a mháthair, Julie Brett (née Josie Dalglish), ina damhsóir bailé, agus feidhmeannach i dtionscal an cheoil ab ea a athair, Eric Selig Phillip Cowell, Sr. (1918–1999). Bhí lámh aige seo le forbairt gníomhaireachtaí eastáit chomh maith. Ba de shliocht Sasanach a mháthair agus de shliocht Polannach a athair. Críostaithe iad muintir a mháthar agus ba Ghiúdaigh iad formhór a shinsear Pholannach, cé nár labhair athair Simon lena chlann faoi ariamh. Tá deatháir níos óige ag Simon Cowell, chomh maith le triúr leasdeartháireacha agus leasdeirfiúr amháin.

D'fhreastail Cowell agus a dheartháir ar Radlett Preparatory School agus ar Dover College, scoil neamhspleách. D'imigh sé i ndiaidh na scrúdaithe leibhéil O a dhéanamh. Rinne sé staidéar ar an mBéarla agus ar an litríocht agus bhain sé GCE amach in socheolaíocht. Bhain sé GCE eile in socheolaíocht in Windsor Technical College. In aois a sheacht mbliana déag bhí sé ag siúl amach le Paula Hamilton, mainicín. Ghlac Cowell roinnt post ag scamhadh geatairí do dhaoine—mar theachtaire le linn déanamh an scannáin úd de chuid Stanley Kubrick, The Shining, mar shampla—ach níor réitigh sé go maith lena chuid comhghleacaithe agus maor. Sa deireadh d'éirigh lena athair post a fháil dó i seomra an phoist ag EMI Music Publishing, mar a raibh a athair ina fheidhmeannach ag an am.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]