Signor Bari

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSignor Bari
Beathaisnéis
BreithBéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdioscmharcach Cuir in eagar ar Wikidata

Is dioscmharcach as Béal Feirste ó dhúchas é Signor Bari atá ag casadh ceoil le blianta beaga anuas ag cóisirí agus ócáidí. Tá sé tar éis casadh leis an mbanna ceoil Abhainn Bheara agus le Kneecap.[1]

Mealladh ar dtús é i dtreo an cheoil leictreonaigh ag léiritheoirí ar nós Four Tet, Bicep, Jamie XX agus Bonobo. Chuir sé níos mó suime sa cheol damhsa trí fhéilte ceoil, turais go Beirlín, chomh maith le blaiseadh de chultúr na gclubanna le tréimse cónaithe aige i Londain.

Deirtear go bhfuil stíl DJ Signor Bari dírithe ar fhuinneamh a chothú ar an urlár damhsa agus rian an spraoi a bheith sna seiteanna. Bíonn sé ag tarraingt ar réimse fhorleathan de cheol idir ceol house, leictreonaice, electro agus breakbeat.

Bíonn DJ Signor Bari sa tóir ar cheoil úra go leanúnach agus ag déanamh forbartha ar a chuid léiriúchán féin lena mheascadh isteach sna seiteanna aige. Bhí sé mar chuid den ghrúpa ALLTAR a chuir oíche chlub ar siúl i mBéal Feirste sa bhliain 2022 agus ag súil le tuilleadh imeachtaí club a reáchtáil sa chathair amach anseo.

Tagairtí [cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NÓS (2018-06-27). "Mixtape nua le seoladh ag Kneecap i mBaile Átha Cliath" (en-US). Dáta rochtana: 2023-08-19.