Siansa Fantaiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilSiansa Fantaiseach
Foirm cheoilsiansa Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirLouis Hector Berlioz
Lélio (en) Aistrigh
Opus number (en) Aistrigh14 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 312510a8-a429-39a0-9a33-8d5f914872dd IMSLP: Symphonie_fantastique,_H_48_(Berlioz,_Hector) Allmusic: mc0002402685 Cuir in eagar ar Wikidata

Chum Hector Berlioz an Symphonie Fantastique sa bhliain 1830, nuair nach raibh sé ach 26 bliana d’aois. Tá an siansa difriúil ó shiansaí a bhí cumtha ag leithéidí Beethoven, MozartHaydn mar gheall ar an struchtúr a bhaineann leis agus mar gheall ar an scéal atá taobh thiar den cheol.[1]

Finale

Scéal agus struchtúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

an chuid "passions"

Ceol tuairisciúil nó léiritheach atá ann – ceol a insíonn scéal gan focail a úsáid - agus cé go raibh ceol léiritheach úsáidte i siansaí roimhe seo (mar shampla Siansa Uimhir 6 le Beethoven), bhí forbairt mhór déanta ar an bhunsmaoineamh sa siansa mór seo le Berlioz. Tá scéal an siansa bunaithe ar an ghrá leatromach a mhothaigh Berlioz don aisteoir Éireannach Harriet Smithson – bean a phós sé níos maille ina shaol.

Úsáideann Berlioz téama ar a dtugtar “idée fixe” trí na gluaiseachtaí ar fad, agus tagann athrú ar an téama de réir mar a athraíonn mothúcháin an chumadóra. Tá cúig ghluaiseacht sa siansa seo – de ghnáth ní bhíodh ach ceithre ghluaiseacht i siansa clasaiceach. Tugann Berlioz teidil ar gach ceann de na gluaiseachtaí seo, le soiléiriú a dhéanamh ar an scéal :

1. Rêveries, passions (brionglóidí, paisin)

2. Un Bal (Damhsa, Bál)

3. Scène aux champs (Radharc ar na páirceanna)

4. Marche au Supplice (Máirseáil chun na Croiche)

5. Songe d’une nuit du Sabbat (Brionglóid d’Oíche Shabóide na gCailleach)

Is léir go bhfuil an scéal sa siansa seo bunaithe ar shaol Berlioz, agus déanann sé cur síos ar an ríméad, ar an éadóchas, ar an dóchas agus ar an eagla a shíolraíonn ón ghrá atá ag an chumadóir do bhean. Mar a léiríonn an t-ainm, is siansa fantaisíoch nó samhlaíoch é an siansa seo a insíonn faoi bhrionglóidí an chumadóra ina maraíonn sé a ghrá geal agus faoin bhealach ina ndaortar chun croiche é agus ar deireadh faoi mar a bhuaileann an bheirt le chéile ag fleá dhrabhlásach na gcailleach. Scríobh Berlioz an scéal seo ar fad i gclár a tugadh amach don lucht éisteachta ag ceolchoirmeacha ionas go dtuigfí gach ar tharla sa cheol.[1]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an siansa seo i ngléas C mór.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 cogg.ie/. "Symphonie Fantastique". Dáta rochtana: 2023.