Sherbrooke, Québec
|
|||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Ceanada | ||||
| Cúige Cheanada | Québec | ||||
| Réigiún riaracháin in Québec | Estrie | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 172,950 (2021) | ||||
| • Dlús | 471.13 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Eastern Townships (en) | ||||
| Achar dromchla | 367.1 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Saint-François agus Abhainn Magog | ||||
| Ar theorainn le | Val-Joli (en) Ascot Corner (en) Cookshire-Eaton (en) Orford (en) Saint-François-Xavier-de-Brompton (en) Hatley, Quebec (en) Saint-Denis-de-Brompton (en) Waterville (en) Magog (en) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Bunaitheoir(í) | Gilbert Hyatt | ||||
| Cruthú | 1793 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Ceannaire an rialtais | Marie-Claude Bibeau (2025–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 819 agus 873 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | ville.sherbrooke.qc.ca | ||||
Cathair i ndeisceart Chúige Québec, i gCeanada, is ea Sherbrooke. Tá sé suite san áit ina dtagann na haibhneacha Saint-François agus Magog le chéile sa limistéar riaracháin (Fraincis: région administrative) Estrie. Bhí 153,384 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2009, an séú cathair is mó i gCúige Québec. Tá timpeall agus 194,555 duine i mórcheantar Sherbrooke.
Is é Sherbrooke príomhionad an gheilleagair, na polaitíochta, cúrsaí cultúir agus institiúidí de gach aon chineál in Estrie, agus mar sin Ríon na mBailecheantar Thoir a thugtaí ar an gcathair timpeall casadh na 20ú haoise. (“Na Bailecheantair Thoir” an t-ainm a thugtaí ar an gcuid sin de Québec sular cumadh an t-ainm Estrie ón bhfocal Fraincise est, nó oirthear.) Déanann 40,000 mac léinn a gcuid staidéar ag Ollscoil Sherbrooke (Úniversité de Sherbrooke) gach bliain. Oibríonn 11,000 duine ag ranna éagsúla na hollscoile. Tá ollscoil níos lú ann freisin a fhreastalaíonn ar Bhéarlóirí, mar atá Bishop's University. Tá sléibhte agus locha i gceantar Sherbrooke agus tá páirc mhór sa chathair féin darb ainm Mont-Bellevue ina ndéantar sciáil le fána sa gheimhreadh.
Bunaíodh Sherbrooke sa bhliain 1793. Dílseoirí Meiriceánacha, agus iad ar an teitheadh ón gCogadh Réabhlóideach, a chéadchuir fúthu san áit. Orthu sin bhí feirmeoir ó Schenectady, Nua-Eabhrac darbh ainm Gilbert Hyatt, fear a chuir muileann plúir ar siúl. “Hyatt’s Mills” an t-ainm a bhí ar an sráidbhaile go dtí an bhliain 1818 nuair a athbhaisteadh é in onóir Ghobharnóir Ginearálta Cheanada, Sir John Sherbrooke, ar ócáid a fhillte go Sasana. Sa bhliain 2002, cuireadh Sherbrooke agus roinnt bailte beaga le chéile le hionad riaracháin amháin a dhéanamh díobh.
As Sherbrooke do Jean Charest, iar-phríomhaire Québec, agus Conrad Black, fear gnó agus údar.
Nasc seachtrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
