Selina Cartmell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSelina Cartmell
Beathaisnéis
BreithLake District Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCentral School of Speech and Drama
Ollscoil Ghlaschú
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir drámaíochta, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAmharclann an Gheata Cuir in eagar ar Wikidata

Is stiúrthóir amharclainne Briotanach í Selina Cartmell, bunaithe i mBaile Átha Cliath, Éire. Tá sí ina stiúrthóir faoi láthair ag Amharclann an Gheata.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Cartmell i gCeantar na Lochanna, an Ríocht Aontaithe. D'oibrigh a máthair Annie mar bhean chabhartha agus is cuntasóir ar scor í a hathair Gordon. Tá triúr deartháireacha níos sine aici.

Tá MA aici ón Scoil Lárnach Urlabhra agus Drámaíochta i gCleachtas Ard-Amharclainne i dTreorú agus MA i Stair na hEalaíne agus na Drámaíochta ó Ollscoil Ghlaschú agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a scríobh sí a tráchtas ar Samuel Beckett.[1][2][3]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhog Cartmell go Baile Átha Cliath agus bhunaigh sí a compántas féin Siren Productions i 2004.[4] D'oibrigh sí mar stiúrthóir neamhspleách ar fud amharclanna na hÉireann, Amharclann na Mainistreach agus Amharclann an Gheata san áireamh. Ba í Ealaíontóir Cónaithe idir 2010-1 san Amharclann Samuel Beckett.[5][6]

In 2017, fógraíodh í mar an ceathrú stiúrthóir ealaíne ar Amharclann an Gheata. Stiúraigh sí trí drámaí ansin tar éis sin: Red Shoes (2018), Assassins (2018) agus A Christmas Carol (2019).[3]

Stiúraigh sí a céad scannán dar teideal The Date sa 2017 le maoiniú ó RTÉ agus Filmbase, agus bhuaigh sí an chéad gearrscannán is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mí Iúil 2017.

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Buaiteoir de Ghradam Amharclainne an Irish Times don Stiúrthóir is fearr:

  • Punk Rock (2014) [7]
  • Medea (2010) [8]
  • Titus Andronicus (2005) [9]

2018 Gradam Ealaíon agus Litríochta de Irish Tatler [10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Meet Selina Cartmell - A new keeper at the Gate Theatre" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  2. "Próifíl Selina Cartmell sa Irish Playography". www.irishplayography.com. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  3. 3.0 3.1 Peter Crawley. "‘The Gate attracts drifters. It’s about making it a beacon’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  4. Helen Meany (2018-01-05). "Waking the Feminists: the campaign that revolutionised Irish theatre" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  5. "Theatre director who followed her heart" (en). Independent.ie. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  6. Mark Cook & Lyn Gardner (2010-11-06). "This week's new theatre" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  7. Erin McGuire. "Stephen Rea recognised for outstanding contribution" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  8. "AWARD WINNERS" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  9. "Winners: where the awards went" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-12-30.
  10. "The 2018 Irish Tatler Arts and Literature Award Goes to Selina Cartmell." (en). Irish Tatler. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-30. Dáta rochtana: 2019-12-30.