Seitse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoSeitse
Glossina Cuir in eagar ar Wikidata

Glossina morsitans Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdDiptera
FineGlossinidae
GéineasGlossina Cuir in eagar ar Wikidata
Wiedemann, 1830
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuileog bheag a fhaightear i réigiúin thrópaiceacha na hAfraice. Déanann a béal próboscas cosúil le snáthaid. Beireann sí greim béil ar veirteabraigh agus maireann ar a bhfuil. An-suntasach i míochaine daoine is tréidliacht, mar iompraíonn sí suanghalar na hAfraice (do dhaoine) agus an galar géar nó ainsealach nagana i mbeithígh is capaill. Tharla eipidéimí tábhachtacha go luath sa 20ú céad, agus ráigeanna eile go minic ó shin. Ba bhac mór seo ar úsáid capaill is daimh tarraingthe i dtaiscéaladh na hAfraice ag Eorpaigh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seitse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 593.