Seiricíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSeiricíoch

Cineálgrúpa eitneach
Daonra iomlán299,862 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaSeiricis
CreideamhAn Chríostaíocht, anamachas agus Native American Church (en) Aistrigh
Tíreolaíocht
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá

Treibh de chuid na Meiriceánach Dúchasach iad na Seiricígh (/ˈtʃɛrəkiː/; Seiricis : ᎠᏂᏴᏫᏯᎢ, rómánaithe: Aniyvwiyaʔi, nó Seiricis: ᏣᎳᎩ, rómánaithe: Tsalagi). Tá sé ar cheann de na treibheanna is mó sa tír agus fréamhacha stairiúla acu in iardheisceart North Carolina, oirdheisceart Tennessee, iarthar South Carolina, oirthuaisceart Georgia agus oirthuaisceart Alabama.

Tá tuairim amháin ann - ó chuntas béaloidis le fírinne - a dhearbhaíonn gur tháinig na Seiricígh aduaidh ó réigiún na Lochanna Móra, áit ina raibh pobail Iorócuacha eile lonnaithe. Tá scoláirí an lae inniu den tuairim go síolraíonn an treibh ón réigiún Apaláiseach.

Agus an 19ú haois ann, bhí na Seiricígh ar cheann den Chúig Treibh “Sibhialaithe”, ós rud é agus go raibheadar ag dul i mbun feirmeoireachta agus a bheith seasta in aon áit amháin. Bhí cuid bheag de chultúr agus teicneolaíocht na nEorpach ag dul go mór i gcion orthu chomh maith.

Sa lá atá inniu ann, aithnítear trí threibh Seiricíocha: ceann oirthear i North Carolina, ceann aontaithe Keetoowah in Oklahama agus an Náisiún Seiricíoch in Oklahoma. Tá ceanncheathrú acu i dTahlequah, Oklahoma.

Tá an teanga Seiricis mar chuid den ghrúpa Iorócuach.