Seiceamar
Cuma
(Athsheolta ó Seiceamóir)
Acer pseudoplatanus | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | maple wood (en) |
Planda | |
Cineál an toraidh | samár |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 193856 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Sapindales |
Fine | Sapindaceae |
Géineas | Acer |
Speiceas | Acer pseudoplatanus L., 1753 |
Is crann scaipeach duillsilteach é an seiceamar (nó seiceamóir). Is é Acer pseudoplatanus a ainm Laidine.[1] Fásann 35 m ar airde, agus tá sé dúchasach do lár is deisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga 10-15 cm ar leithead, roinnte go bosach i 5 mhaothán fiaclach. Na bláthanna scothbhuí gan pheitil i gcrobhaingí crochta. Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán is foscadh. Téann sé chun síl agus scaipeann gan bhac. Tá an seiceamar cosúil leis na crainn maiple atá sa ghéineas Acer chomh maith, agus mar sin gaolta leis.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““sycamore” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Seiceamar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 590.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |