Seangán léigiúnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seangán trópaiceach le súile laghdaithe nó gan súile. Déanann siad coilíneachtaí ollmhóra a thóraíonn foráiste le chéile, a athraíonn ionad a nide go minic. Bíonn nead bíobháige acu, déanta as seangáin bheo, chun an cráinseangán gan sciatháin is an t-ál a chosaint.