Seandálaíocht mhuirí san Astráil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá seandálaithe Astrálacha chun tosaigh sa tseandálaíocht mhuirí. Bádh timpeall 7,300 long in uiscí na hAstraile ó briseadh an Trial sa bhliain 1622 agus tá a fhios cá bhfuil timpeall míle ceann acu (14%). Déanann gníomhaireachtaí oidhreachta cultúrtha i ngach Stát agus Críoch longa báite a scrúdú agus a chaomhnú.

Ar nós a leithéidí i dtíortha eile, chuireadh seandálaithe muirí na hAstráile béim ar ghnéithe teicniúla den iompar mara. Is mó an tsuim atá acu anois i ngnéanna eile den scéal: orthu sin tá cúrsaí trádála agus pobail mhara ar nós foirne loinge.

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid den léarscáil Ollannach "Caert van't Landt van d'Eendracht", 1627. Taispeánann sí oileáin Houtman Abrohlos, áit ar bádh an Batavia.

Is é an gríosú is mó a fuair an tseandálaíocht mhuirí san Astráil ceithre long de chuid Comhlacht Ollannach na nIndiacha Thoir a aimsiú ar chósta na hAstráile Thiar sna seascaidí agus lasta óir iontu. Is gearr gur thug tumadóirí faoi iad a chreachadh, rud a thug ar Rialtas na hAstráile Thiar reachtaíocht chosanta a rith sa bhliain 1964. Bhí sí seo ar na dlíthe ba luaithe den saghas sin. Bhí Músaem na hAstráile Thiar leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm, cé nach raibh na speisialtóirí acu chuige go dtí na seachtóidí.

Ritheadh reachtaíocht den sórt céanna i Stáit eile tar éis do thumadóirí amaitéaracha na rialtais a ghríosú chuige. Sa bhliain 1976 rith Comhlathas na hAstráile an Historic Shipwrecks Act agus ghlac na Stáit agus na Críocha leis.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-suim ag an bpobal agus ag grúpaí amaitéaracha i longa báite, agus dá bhrí sin cuirtear béim mhór ar mhíniú agus ar thaispeáint na láithreán.

Tá eolas le fáil ó fhoilseacháin agus ó thaispeántais iarsmalainne, agus tá conairí longbhriste ann mar a mínítear láithreáin trí chomharthaí faoi uisce. Tá méadú mór tagtha ar thurasóireacht tumadóireachta in áiteanna le córais fheistithe agus cuartaíocht shrianta.

Láithreáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

I láthair na huaire tá taighdeoirí ag obair ar a lán láithreán. Orthu sin tá áiteanna campála daoine longbhriste, bonneagar poirt, soithí tréigthe, eitleáin bháite agus seanstáisiúin mhíolta móra.

Chuirtí béim ar staidéir fhíoráitiúla ach anois tugtar níos mó airde ar sheandálaíocht atá níos teoiriciúla agus a nascann breis láithreán lena chéile. Ar longa báite is mó a dhéantar scrúdú go fóill, áfach.

Batavia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Batavia (long)
Deireadh mhacasamhail an Batavia

Tá longbhriseadh an Batavia ar cheann de na longbhristí is suntasaí agus is luaithe ar chósta na hAstráile. Ba le Comhlacht Aontaithe na nIndiacha Thoir an Batavia agus briseadh í in aice le hOileáin Houtman Abrolhos amach ó chósta na hAstráile Thiar sa bhliain 1629. Thug an captaen agus roinnt daoine eile a n-aghaidh ar an mBatáiv, ceanncheathrú an Chomhlachta san Indinéis, i mbád fada. Rinne an maor luchta, Jeronimus Cornelisz, iarracht ar fhorlámhas a imirt ar an gcuid d’fhuíoll an longbhriste a d’fhan ar na hoileáin. Crochadh é nuair a d’fhill an captaen, agus foilsíodh cuntas ar an scéal, rud a chuidigh go mór leis na seandálaithe.

Aimsíodh an long arís sa bhliain 1963. Thángthas ar ghunnaí móra, ar ancairí idir bheag agus mhór, ar threalamh seoltóireachta agus ar earraí pearsanta. Fuarthas timpeall 7,300 bonn airgid. Ardaíodh an chuid den chabhail a bhí ar marthain agus cuireadh ar taispeáin í i Músaem na hAstráile Thiar.

Tógadh macasamhail den long in Lelystad na hÍsiltíre le cabhair ón taighde a rinneadh san Astráil. Lainseáladh í sa bhliain 1995.[1]

William Salthouse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bádh an William Salthouse ag Port Philip, Victoria, sa bhliain 1841. Tugann earraí éagsúla a lasta léargas ar chúrsaí thrádáil in Impireacht na Breataine ag an am agus ar a raibh ag teastáil i gcoilíneacht áirithe. Thángthas ar bhairillí feola agus ar chliathbhoscaí agus ar chiseáin a bhí lán de bhuidéil fíona (agus cuid acu ina n-earraí contrabhannacha, is dócha). Ní raibh sa mhéid sin ach cuid bheag dá raibh sa lastliosta.

Le himeacht aimsire chuaigh áit an longbhriste i ndearmad agus níor tháinig arís uirthi go dtí an bhliain 1982. Tháinig creachadóirí agus dá bhrí sin fógraíodh an áit mar Limistéar Toirmiscthe.

Tá sruthanna láidre san áit: b’éigean do na tumadóirí dul síos ag barr láin agus ag díthrá agus cuaillí a shá sa ghrinneall in áit gríl suirbhéireachta den ghnáthshaghas a dhéanamh. B’fhéidir leo triantú a dhéanamh ansin agus grianghrafanna a dhéanamh de rudaí marcáilte.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jeremy Green, ‘Batavia 1629,’ in Shipwreck Archaeology in Australia, lgh 12-21
  2. Mark Staniforth, ‘William Salthouse 1841,’ in Shipwreck Archaeology in Australia, lgh 99-110

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Nash, Michael (2007) (eag.). Shipwreck Archaeology in Australia. University of Western Australia Press. ISBN 978-0-9802964-3-3