Sean Chill Chuilinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séadchomhartha i Sean Chill Chuilinn: leaca reilige, cloigtheach agus ardchrois, ceann maisithe agus ceann gan mhaisiú

Is baile fearainn suite i gContae Chill Dara é Sean Chill Chuilinn. Tá achar sách mór ann—792 acra—agus baineann a lán staire leis an áit. Níl pobal mór ann, áfach—níl ach 79 áitreabh ar an mbaile.