Seamair Alsike
Cuma
Trifolium hybridum | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Trifolieae |
Géineas | Trifolium |
Speiceas | Trifolium hybridum L., 1753 |
Saghas seimre a mheastar a bheith dúchasach don Eoraip is ea seamair Alsike nó seamair Lochlannach.[1] Fástar mar bharr foráiste anois í i gcuid mhaith tíortha measartha. Ilbhliantóg a fhásann suas le 60 cm in airde, 3 dhuilleoigín ar na duilleoga is iad leathan ag a mbarr, na pisbhláthanna bán nó bándearg i gcinn chruinne scaoilte, suas le 3 cm ar leithead. Tá an Ailsice ainmnithe i ndiaidh Alsike, baile beag sa tSualainn.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Trifolium hybridum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailsice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |