Seán Mac Dhonnagáin
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, aisteoir, drámadóir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is scríbhneoir agus aisteoir ó Bhaile Átha Cliath é Seán Mac Dhonnagáin. I measc na ndrámaí atá scríofa aige tá An Chos Eile (AerachAiteachGaelach) agus ALVA (Polliwog Theatre Collective). Bhuaigh a dhrámaí Ar Snámh agus An Chos Eile an chéad duais do Dhráma Aonghnímh i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge (2018, 2023) agus bhuaigh a dhráma raidió Séasúr Oscailte an dara duais i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge (2023). Bronnadh sparántacht air ó Axis Bhaile Munna sa bhliain 2020, agus bhí a dhráma An Chos Eile ar stáitse an Axis i mí na Samhna 2023.
Le déanaí, rinne Seán aisteoireacht sa cheoldráma Shauna Carrick Wants a Dog (Amharclann Aon Scéal, Féile Imill Bhaile Átha Cliath), a bhí ainmnithe do ghradaim mar an léiriúchán is fearr ag Féile Imill Bhaile Átha Cliath. Is ball é Seán de AerachAiteachGaelach, comharghrúpa ealaíon a thugann tacaíocht d’ealaíontóirí aiteacha atá ag obair trí mheán na Gaeilge.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin drámaíocht nó dráma é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |