Seán Ó Súilleabháin (saighdiúir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breith1700
Contae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1760
59/60 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Gairm mhíleata
Céim mhíleatacoirnéal Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtBliain an Phrionsa

Saighdiúir gairmiúil Éireannach ab ea an Ridire Seán Liam Ó Súilleabháinn (Sir John William O'Sullivan sa Bhéarla). (c.1700 - c.1760). Chaith sé an chuid is mó dá ghairm bheatha i seirbhís na Fraince, ach b’fhéidir go bhfuil aithne níos fearr air mar gheall ar an mbaint a bhí aige le hÉirí Amach na Seacaibíteach sa bhliain 1745, iarracht ar ríchathaoir na Breataine a fháil ar ais do rítheaghlach na Stiúbhartach a bhí ar deoraíocht. Le linn an Éirí Amach ghníomhaigh sé mar aidiúnach ginearálta agus mar mháistir ceathrún ginearálta d'arm na Seacaibíteach agus bhí tionchar mór aige ar an bhfeachtas. Cé go dtugann a lán saothar tánaisteach a shloinne mar "O'Sullivan", d'úsáid sé an fhoirm "Sullivan" ina chomhfhreagras féin.[1]

Gníomhréim luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Marquis de Maillebois; chuaigh an Súilleabhánach in éineacht leis go dtí an Chorsaic sa bhliain 1739.

Rugadh Ó Súilleabháin timpeall 1700 ag Ceapaigh na Coise in aice leis an Neidín, Contae Chiarraí, duine de bheirt mhac le Diarmaid Ó Súilleabháin (Dermot O’Sullivan sa Bhéarla), ar gabhadh a eastát teaghlaigh, sé sin Caisleán Dún Ciarán faoin Acht an tSocraithe 1652.[2] Tá faisnéis maidir lena luathshaol teoranta agus tógtar é as 'The Young Juba', beathaisnéis neamhiontaofa go minic den SéarlasStiúbharta scríobh Aeinéas Mac Dómhnaill (Aeneas MacDonald sa Bhéarla) i 1748, ag úsáid an ainm bréige Michell.[2]


Chuir na Péindlíthe teorainn ar deiseanna na n-uasal Caitliceach in Éirinn agus cosúil le go leor de chuid na linne sin, cuireadh oideachas ar Ó Súilleabháin i bPáras agus sa Róimh, mar ullmhúchán don sagartóireacht b’fhéidir. Maíonn Mac Dómhnaill gur tháinig sé chun bheith ina theagascóir ar mhac an Mharcais de Maillebois, agus chuaigh sé in éineacht leis in athghabháil na Corsaice ag an Fhraince agus phoblacht Genova sa bhliain 1739.[3] Taifeadtar gur fhreastail sé san Iodáil agus ar an Réin le linn Chogadh Chomharbas na hOstaire, cé nach gcuirtear mórán sonraí ar fáil.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pittock (2016) Culloden, OUP, p.xiv
  2. 2.0 2.1 John Bergin. ""O'Sullivan (Sullivan), Sir John William". Dictionary of Irish Biography. (ed.) James McGuire, James Quinn. Cambridge, United Kingdom: Cambridge University Press, 2009.
  3. "Young Juba: The History of the Young Chevalier, From His Birth, To His Escape From Scotland, After the Battle of Culloden" (1748). Gale Ecco. 
  4. "Prince Charles Edward and His Irish Friends" (1934). Studies: An Irish Quarterly Review 23 (89). JSTOR 30095112. 

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bergin, John; O'Sullivan (Sullivan), Sir John William" in Dictionary of Irish Biography. (ed.) James McGuire, James Quinn. Cambridge, United Kingdom: Cambridge University Press, 2009.
  • "Prince Charles Edward and His Irish Friends" (1934). Studies: An Irish Quarterly Review 23 (89). 
  • "Young Juba: The History of the Young Chevalier, From His Birth, To His Escape From Scotland, After the Battle of Culloden" (1748). Gale Ecco. 
  • Pollard, Tony; Culloden: The History and Archaeology of the Last Clan Battle Pen and Sword, Kindle Edition;
  • Reid, Stuart; 1745: A Military History of the Last Jacobite Rising, Spellmount, 1996
  • "Jacobites: A New History of the 45 Rebellion" (2016). Bloomsbury. 
  • "Scottish Nationalism and Stuart Unionism" (January 2010). Journal of British Studies 49 (1, Scottish Special). 
  • "The Jacobite Movement in Scotland and in Exile, 1749-1759" (2004). AIAA.