Scréachóg reilige
Tyto alba | |
---|---|
Tyto alba alba | |
Taifead | |
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | Tyto alba feces (en) |
Ionchas saoil | 4 bliain |
Mais | 580 g (meáchan fásta) |
Réise sciathán | 1.13 m |
Meánlíon in ál | 5.3 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22688504 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Strigiformes |
Fine | Tytonidae |
Géineas | Tyto |
Speiceas | Tyto alba Scop., 1769 |
Cineál tacsanomaíoch | Tyto |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reilige[1] (Gaeilge na hAlban: an chomhachag-bhàn; Tyto alba) agus is ball d'ord na Strigiformes í. Cé gur ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reiligein Éirinn, is í an speiceas ulchabhán is mó a dháiltear ar fud an domhan í, agus tá an scréachóg ar cheann de na speicis éan is forleithne. Ar cheann de dhá ghinealach na n-ulchabhán beo is ea í, an ceann eile is ea na hulchabháin tipiciúla (Strigidae). Faightear na hulchabháin beagnach i ngach áit ar domhan, ach amháin na réigiúin pholacha agus fhásacha, an Áise ó thuaidh ó na Himiléithe, an chuid is mó den Indinéis, agus roinnt oileáin san Aigéan Ciúin.
Taispeánann fianaise fhíliginiteach go bhfuil ar a laghad trí ghinealach mór de scréachóg reilige ann, ceann san Eoraip, iarthar na hÁise agus an Afraic, ceann in oirdheisceart na hÁise agus san Astraláise, agus ceann eile i Mheiriceá, agus roinnt tacsón eile atá an-éagsúil ar oileáin. Dá réir sin, roinn roinnt údarás an grúpa ina scréachóg reilige iartharach don ghrúpa san Eoraip, iarthar na hÁise agus an Afraic, an sa scréachóg reilige oirthearach don ghrúpa in oirdheisceart na hÁise agus san Astraláise, agus an scréachóg reilige Meiriceánach don ghrúpa i gCríocha Mheiriceá. Roinneann roinnt údarás tacsanomaíoch an grúpa a thuilleadh, ag aithint suas le cúig speiceas, agus is gá tuilleadh taighde a dhéanamh chun an seasamh a shoiléiriú. Tá éagsúlacht mhór idir méideanna agus dath thart ar 28 fospeiceas, ach tá an chuid is mó díobh idir 33 agus[convert: unknown unit] ar fhad, le rainsí sciatháin ag dul ó 80 go[convert: unknown unit]. Tá an chluimhreach ar a ceann agus ar a chúl breacdhonn nó liath, tá na híochtair éagsúil ó bhán go donn agus uaireanta tá siad breac le baill dhorcha. Tá cruth croí ar an aghaidh go tipiciúil agus tá sé bán i bhformhór na bhfospeiceas. Ní ligeann an t-ulchabhán seo scréach, ach ligeann sé scread dhiamhair an-mhalltriallach amach
Tá an t-ulchabhán ina éan oíche thar an gcuid is mó dá raon, ach sa Bhreatain Mhór agus i roinnt oileáin san Aigéan Ciúin, bíonn an scréachóg ag seilg in aghaidh an lae freisin. Tá siad dulta in oiriúint ar ainmhithe a fhiach ar an talamh agus is éard atá sa bhia go léir ná mamaigh bheaga a aimsíonn siad le fuaim, lena n-éisteacht an-ghéar. Is gnách go bhfanann na hulchabháin ina bpéirí lena saol mura maraítear ceann den phéire, ach má chailleann éan a leathéan is féidir leathcheann nua a fhoirmiú.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Tyto alba” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-15.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |