Scott Oser

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaScott Oser

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chicago Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Colóime Briotanaí Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinphas.ubc.ca… Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh is tógadh an dochtúir Scott Oser sna Stáit Aontaithe, agus bhain sé dochtúireacht amach sa bhfisic i Chicago, áit ar fhoghlaim sé Gaeilge mar chaitheamh aimsire.

Bhain sé duais an Oireachtais in 2019, as a aistriúchán ar 'An Dhammapada: Nathanna an Bhúda'. Tá sé pósta le Rachel Hartman.

Tá an t-úrscéal 'Seraphina' le Rachel Hartman, bean chéile Scott, aistrithe go Gaeilge ag Scott agus d’fhoilsigh Coiscéim é sa bhliain 2021.[1][2]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann a chuid taighde le fisic na gcaithníní fo-adamhacha, agus bhí ról nach beag aige sa Sudbury Neutrino Observatory, a bhfuair leath den Duais Nobel i 2015, as ascalaithe neoidríonónna a aimsiú. Tá Scott ina ollamh le fisic in Ollscoil na Colóime Briotanaí i gCeanada ó 2003.

Tá an damhna dorcha á lorg aige le cúig bliana anuas, ach tásc ná tuairisc air níl faighte aige fós.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Coiscéim. http://www.coisceim.ie/seraphina.html.
  2. An Siopa Leabhar.https://www.siopaleabhar.com/tairge/seraphina/
  3. Damhna Dorcha, Lth. 17. Meanmanra II. An tSiceolaíocht agus an Fhealsúnacht. 2017, Coiscéim