Scoil Firenze

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de phríomhionaid ealaíne na hEorpa le linn na hAthbheochana. Chuir Vasari síos ar na healaíontóirí tábhachtacha i bhFirenze in a leabhar Le Vite de' più eccellenti pittori, scultori, e architettori (Beathaí na nEalaíontóírí, na nDealbhóirí is na nAiltirí den Chéad Scoth, 1550, méadaithe 1568). Thosaigh an athbheochan chlasaiceach sa chathair timpeall 1500, athfhionnachtain na peirspictíochta san ealaín san áireamh, agus bunaíodh an chéad acadamh ealaíne ann i 1563. Go luath ina dhiaidh tháinig an Róimh is an Veinéis chun cinn agus ghlac an cheannasaíocht sna cúrsaí seo san Iodáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scoil Firenze". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 270.