Sciuirdrásaíocht
Appearance
Rásaíocht mótar de shaghas ar leith, triail luasghéaraithe thar aon rud eile. Rásaíonn dhá fheithicil le hinnill mhóra, rotha móra cúil is rotha beaga tosaigh thar chúrsa 400 m. Baintear luasanna timpeall 400 km u-1 amach go minic. Bíonn paraisiút feistithe ar gach feithicil chun cabhrú sa choscadh ag deireadh an ráis. Thosaigh sí i gCalifornia sna 1930idí agus is coitianta í sna Stáit Aontaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sciuirdrásaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 584.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |