Scipio Aemilianus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ba pholaiteoir tábhachtach agus ghinearál an Phoblacht Rómhánach é Publius Cornelius Scipio Aemilianus Africanus Numantinus (185–129 BC) ar a dtugtar go príomha Scipio Aemilianus nó freisin Scipio Africanus Minor, nó Scipio Africanus Óg, a bhí faoi dhó ina chonsal, sa bhliain 147 agus 134 RCh. Ba é an mac nádúrtha é de Aemilius Paullus, ach uchtaíodh é isteach sna Cornelii Scipiones - an teaghlach is suntasaí ag an am - ag mac de chuid Scipio Africanus .

Sa bhliain 147 RCh, chuaigh sé i gceannas ar an Tríú Cogadh Púnach (149–146 R.Ch.) agus chuir sé léigear agus scrios ar Chartaig. Sa bhliain 134 RCh chuaigh sé i mbun an chogaidh i Numantia (143–133 RCh), chuir sé an smacht ar ais arís ar arm na Róimhe , agus chloígh sé Numantia . Bhí sé ina phátrún suntasach ar scríbhneoirí agus fealsúna, agus ba é Polybius, staraí na Gréige, an duine is cáiliúla acu.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Scipio Aemilianus an dara mac de Lucius Aemilius Paullus Macedonicus, ceannasaí fheachtas buaiteach na Rómhánach sa Tríú Cogadh Macadónach, agus a chéad bhean, Papiria Masonis.