Sciathadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas chun bac a chur ar tharchur is glacadh comharthaí fánacha leictreacha/leictreonacha. I gcábla comhaiseach, mar shampla idir aeróg is teilifíseán, iompraítear an comhartha ar an tsreang inmheánach agus déanann an chaolrabhaisc chopair sheachtrach thalmhaithe an sciathadh. Sciathann an ghreille thosaigh ar oigheann micreathonnach na húsáideoirí ar na micreathonnta díobhálacha. Déanann iniaimh is mogaill sheoltacha sciathadh ar chomharthaí leictreacha. Is cás Faraday é cás mogallach sreinge atá talmhaithe, agus déanann a leithéid sciathadh leictreastatach is leictridinimiciúil tarchuir is glactha ar a bhfuil istigh ann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sciathadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 584.