Scanadh le léasar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa chóras taifeadta dhigitigh ina ndéantar poill de dhoimhneachtaí éagsúla ar raonta ciorclacha i ndromchla miotalaithe diosca phlaistigh chun comhartha fuaime, físe nó sonraí eile a thaifeadadh, faightear an bunchomhartha ar ais trí na raonta seo a ghluaiseacht thar léas léasair. Le fótabhraiteoir a ghlactar an comhartha digiteach ó gach poll, agus tar éis na comharthaí sin a phróiseáil is féidir an bhunfhuaim a athsheinm nó an bhuníomhá a thaispeáint.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Scanadh le léasar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 581.