Scailtín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochScailtín
Cineáldeoch mheisciúil, warm alcoholic drink (en) Aistrigh agus whiskey cocktail (en) Aistrigh

Scailtín a thugtar ar dheoch thraidisiúnta Ghaelach a bhfuil uisce beatha te agus comhábhair éagsúla eile inti. Seo mar a dhéantaí scailtín de réir mar a d'inis Seán Bán Mac Meanman (An Dara Mám, lch. 381):

Scailtín an t-ainm a bhí ar íocshláinte na gcarróirí agus seo mar a nítí í; chuirtí im úr gan salann i ngogán nó i gcrúiscín, chuirtí siúcra loiscthe anuas ar an im, biotáilte bhracha is uisce galach ar a mhullach sin; d'fhágtaí ar chladach na tineadh é tamall beag sula ranntaí é.
  • nítí: ghnítí, is é sin dhéantaí
  • ranntaí: roinntí

Hot whiskey a thugtar ar an deoch seo as Béarla agus uaireanta feictear "fuiscí te" nó leaganacha cosúla sa Ghaeilge féin in aithris ar an mBéarla. Is dócha nach bhfuil mórán difríochta idir an scailtín agus an deoch ar a dtugtar puins. Go praiticiúil bíonn miondifríochtaí idir na hoidis éagsúla agus ainm ar leith ag dul le hoideas ar leith go minic. Mar shampla is minic a chuirtear slisne liomóide leis an deoch seo inniu, agus ar ndóigh tá siad ann a deir nach é an scailtín traidisiúnta é a thuilleadh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]