San Fernando, Tríonóid agus Tobága

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSan Fernando, Tríonóid agus Tobága

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 10°17′N 61°28′W / 10.28°N 61.47°W / 10.28; -61.47
Stát ceannasachOileán na Tríonóide agus Tobága Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán55,419 (2000) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,973.12 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla18.64 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde34 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2TT-SFO Cuir in eagar ar Wikidata

An ceann is mó den dá chathair i dTríonóid agus Tobága is ea San Fernando. Port of Spain, an phríomhchathair, an chathair eile sa tír. Tá Chaguanas níos mó freisin, ach áirítear é mar bhardasacht agus ní mar chathair. Tá San Fernando suite ar chósta thiar theas oileán na Tríonóide, idir aibhneacha an Guaracara agus an Oropouche.

D'fhás baile san áit de réir mar a tháinig fás ar phlandálacha an chána siúcra sa cheantar, ag tosnú sa dara leath den 18ú haois. Ní ba dhéanaí cuireadh tús le saothrú an chacao ann freisin, agus idir an Dara Cogadh Domhanda agus na 1980idí chuir tionsclaíocht an pheitriliaim le geilleagar San Fernando.

Talamh mín atá sa chathair agus ina haice. Is é Cnoc San Fernando, i lár na cathrach, an ghné is suntasaí de gheograife an cheantair. Ón bpáirc ar bharr an chnoic, is féidir Veiniséala a fheiceáil ar lá geal. Bhí cónaí ar 50,208 duine i San Fernando sa bhliain 2011.