Samsung Tocco
Samsung Tocco | |
---|---|
Déantóir | Samsung (en) |
Sheol Samsung an fón, Samsung Tocco (F480) i mí Iúil na bliana 2008. Ba é an Tocco an chéad fhón póca a cuireadh in oiriúint don Ghaeilge. Bhí fógartha ag an gcomhlacht go mbeadh gléas tuarthéacs don Ghaeilge ar an bhfón agus go mbeifí in ann seirbhísí uile an fhóin a úsáid trí Ghaeilge. Seoladh é ar 2 Iúil 2008.[1] Is é an chiall a bhí leis an bhfocal 'Tocco', ná 'Tadhall' nó 'Teagmháil' as Iodáilis.[2][3]
Gnéithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí scáileán tadhaill ag an bhfón chomh maith le ceamara agus raidió.
Cruthú an leagain Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar leis an gcomhlacht Samsung, thóg sé cúig mhí orthu an tseirbhís tuarthéacs a chur i bhfeidhm ar an bhfón nua. Bhí 44,000 focal Gaeilge mar chuid den acmhainn Ghaeilge ann agus bhí tacaíocht ann do 11 theanga eile, in éineacht leis an nGaeilge. Ba é an comhlacht Nuance, a d'aistrigh an bogearra tuarthéasc T9 go Gaeilge, le cabhair ó Fhoras na Gaeilge.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Gaelport.com - Mobile phone has Irish-language texting". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-06-23. Dáta rochtana: 2008-05-26.
- ↑ "T3.com - Samsung Steel and Tocco: personalisable and flash". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-27. Dáta rochtana: 2008-05-26.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht.com - 5 mhí le tuarthéacs Gaeilge a fhorbairt-Samsung[nasc briste go buan]
Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh gréasáin Samsung
- Alt gearr san Irish Times faoin bhfón nua Curtha i gcartlann 2008-06-01 ar an Wayback Machine
- Alt in Foinse faoin Samsung Tocco[nasc briste go buan]
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |