Saitō Ryokuu
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 斎藤緑雨 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 24 Eanáir 1868 Maoracht Mie |
Bás | 13 Aibreán 1904 36 bliana d'aois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Meiji |
Teanga dhúchais | an tSeapáinis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | léirmheastóir liteartha, scríbhneoir, nathaí, úrscéalaí |
Mac/iníon léinn de chuid | Robun Kanagaki |
Teangacha | An tSeapáinis |
Údar agus criticeoir Seapánach ba ea Saitō Ryokuu (斎藤 緑雨 ) (24 Eanáir 1868 - 13 Aibreán 1904) a bhí beo sa ré Meiji. Ainm cleite ba ea Saitō Ryokuu; baisteadh é mar Saitō Masaru (斎藤 賢).
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1896 bhunaigh Ryokuu Mezamashi gusa (めさまし草), iris liteartha, in éineacht le Mori Ōgai (森 鷗外) agus Kōda Rohan (幸田 露伴). San iris seo a foilsíodh Takekurabe (たけくらべ), scéal le Ichiyō Higuchi (Higuchi Ichiyō]] 樋口 一葉) ar mhol na léirmheastóirí go hard é. Cailleadh Ichiyō i Mí Samhna 1896 agus chuidigh Ryokuu lena máthair agus lena deirfiúr teacht i dtír, cé nach raibh sé ró-theann i gcuid is i maoin é féin.
Bhí Shūsui Kōtoku (Kōtoku Shūsui 幸徳 秋水), Baba Kochō (馬場孤蝶) agus Tekkan Yosano (Yosano Tekkan 与謝野 鉄幹) ar a chuid cairde liteartha.
B'fhada eitinn ar Ryokuu agus sa bhliain 1904 chuaigh sí i gcinseal air. Agus é ag saothrú an bháis thug sé dialanna Ichiyō, a raibh sé ag brath ar iad a fhoilsiú, do Kochō. Fuair sé bás ar 13 Aibreán 1904.
Ní chuireadh Ryokuu fiacail ann mar chriticeoir agus ba nathánaí suntasach é.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 作家別作品リスト:斎藤 緑雨 Leathanach Saitō Ryokuu ag Aozora Bunko