SECAM

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas códaithe i gcomhair teilifíse daite, a saothraíodh sa bhFrainc sna 1960idí, a cuireadh i bhfeidhm in oirthear na hEorpa freisin. Gintear dhá chomhartha difríocht datha agus tarchuirtear iad ar línte ailtéarnacha. Bíonn moill-líne sa ghlacadóir chun gur féidir an dá chomhartha seo a chur le chéile arís roimh an íomhá a léiriú, ach le laghdú éigin sa ghéire datha.