Síceolaíocht chomparáideach
Cuma
Staidéar ar na difríochtaí idir speicis ainmhithe, daoine ina measc, maidir le hiompar is cumais shíceolaíocha. Go traidisiúnta, dhéantaí iarracht grúpaí veirteabrach a rangú de réir intleachta, agus an gaol idir intleacht is méid na hinchinne is airíonna eile a mheasúnú. Ach glactar leis anois nach féidir na speicis éagsúla a chur in ord ar scála amháin intleachta, go mbraitheann cumais speicis ar leith cuid mhaith ar oiriúnuithe sainiúla do chúinsí comhshaoil ar leith.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Síceolaíocht chomparáideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 597.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |